NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Ionad beagnach críochnaithe

Ionad Cúraim Leanaí nua beagnach críochnaithe

Cúraim Leanaí nua na Ceathrú Rua. Obair beagnach críochnaithe

 

5 Deireadh Fómhair, 2011:
Tá Ionad Cúraim Leanaí nua na Ceathrú Rua beagnach críochnaithe. Tá monarcha san eastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta athchóirithe go hiomlán ina ionad nua-aimseartha. Deir an tÚdarás go mbeidh sé réitithe faoi thús mhí na Samhna agus go gcuirfear fógraí sna meáin “taobh istigh de choicís” ag lorg bainisteoir agus foireann don ionad.

Faoi láthair tá os cionn scór páiste cláraithe  ann. Is feidir glacadh le suas le trí scór san ionad.

Ní bheidh Naíonra Mhic Dara i gCuileán ann a thuilleadh tar éis shaoire na Nollag nuair a bheidh sé ag teacht faoi choimirce an ionaid nua.

D’fháiltigh an coiste cúraim leanaí roimh dhul chun cinn an togra. “Táimid an-bhuíoch de Roinn na Gaeltachta agus den Údarás as an obair,” a dúirt urlabhraí. Mar a léiríonn na pictiúir anseo tá urláir fós le cur síos ach tá gach chuile chineál áise nua-aimseartha ann. Is ionad éiceabhách nó lách don chomhshaol é le grianphainéil,  téamh faoi urláir, solas uathoibríoch agus córas ceannródaíoch athchúrsála báistí.

Is do pháistí ó chúpla mí go dtí 12 bliain d’aois atá an tIonad seo agus moltar do dhaoine ar spéis leo a bpáistí a chlárú ann glaoch a chur ar 091-869750.
Is í an eagraíocht Comhar Naíonra na Gaeltachta a dhéanfaidh an t-ionad a bhainistiú.

Tá maoiniú €500,00 curtha ar fáil ag an Roinn agus €200,000 ar fáil ón Údarás. €200,000 an méid airgid atá ag teastáil ón bpobal féin lena chur i gcrích. Tá an eagraíocht POBAL le deontas reáchtála a chur ar fáil chomh maith. Tá an coiste fós ag bailiú airgid agus cuirfear fáilte roimh aon mhaoiniú nó tacaíocht a d’fhéadfaidís a fháil.