NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Nollaig na mBan

Oíche
shóisialta eagraithe
ag coiste Naíonra
Mhic Dara

Ní raibh aon ghanntan ban ar an gCeathrú Rua Dé hAoine seo caite mar a raibh ócáid shóisialta do Nollaig na mBan eagraithe ag coiste Naíonra Mhic Dara ar an mbaile.

Sean traidisiún i gContaetha an Deiscirt é Nollaig na mBan agus más fíor do na mná a bhí i láthair Dé hAoine seo caite beidh sé ina nós i gConamara as seo amach.

Seans atá ann do mhná a scíth a ligean i ndiaidh obair na Nollag agus is cinnte gur bhain mná Chonamara sásamh as i mbliana.

Is i mBialann an Royal Villa ar an gCeathrú Rua a bhí an gabhair á róstadh. Bhí ós cionn 30 bean i láthair agus d’éirigh leo €380 a bhailliú don Naíonra chomh maith le mórchuid a ithe agus a ól! Bhailligh na mná isteach i dTí an Táilliúra ina dhiaidh sin mar a raibh an banna nua bhunaithe Deep Notes i mbun ceoil.

Beidh an Naíonra ag aistriú isteach san Ionad Nua Cúram Leanaí go gairid agus go leor troscán agus ábhar nua le ceannach dá réir agus is ar mhaithe leis sin a eagraíodh an oíche. Sláinte na mBan oraibh!

 
 
Ag Nollaig na mBan. Sa chéad trí phictiúr: ar barr - ó chlé,  Máírín Ní Mhárta, Síle Nic Con Iomaire agus Bairbre Ní Thuairisg. Thuas: Mairéad agus Ursula Uí Loideáin. Fionnuala Breathnach, Caroline Schmidt agus Mairéad Ní Mhocháin.

 

Sa phictiúr ar dheis: Monique Uí Dhomhnaill, Kirstie Uí Dhonnacha agus Mali Uí Chlochartaigh.
Bríd-Síle Ní Fhatharta
agus Cecilia Sullivan
May Lally agus
Máire Ní Chualáin
Ódi Ní Cheilleachair
agus Kit de Paor
Treasa Ní Bheacáin,
Máire P Uí Fhatharta
agus Marie Lambe
Sally Ann Uí Dhubháin,
Brenda Ní Fhlatharta
agus Mairéad Uí Fhlatharta.
 
 
Ar ais go dtí an barr
   


Foilsithe: Eanáir 2012