Abair le do chairde!!
Tá an seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag réiteach faoi láthair le dul i ngleic le ceann de na dúshláin is mó a chuir sé roimhe go dtí seo – Slimathon Mhic Dara. Agus má éiríonn leis ní bheidh an oiread sin de le feiceáil inár measc sa mbliain nua!
Cúrsa deich seachtainí atá i gceist le Slimathon Mhic Dara a bhéas á reachtáil chuile Luan ón 6 a chlog go dtí 7 sa Halla in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Beidh an Seanadóir Ó Clochartaigh i láthair chuile sheachtain mar a mheáfar é féin agus na rannpháirtithe uilig. Beidh cupán tae nó caife ar fáil ina dhiaidh sin ionas gur féidir le chuile dhuine tacaíocht a thabhairt dá chéile.Beidh Naíonra Mhic Dara ag aistriú isteach in Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua go gairid agus tá an Slimathon á eagrú le hairgead a bhailliú le n-íoc as an trealamh agus troscán nua ar fad a bheidh ag teastáil. Fáilte roimh chách. Coinneofar an t-eolas pearsanta ar fad faoi rún. Cuirfear tús leis an gcúrsa ar an Luan 16 Eanáir agus beidh duais ar fáil don té is mó a chailleas méachain.Cá bhfios ach gurb é an seanadóir a bhéarfas leis an gradam sin! Tuilleadh eolais ar an suíomh facebook faoi: Slimathon Mhic Dara |
Taispeánann Patrick Ó Flaharta (4) agus Eoinín Ó Cualáin (4); páisti Naíonra Mhic Dara, An Cheathrú Rua, drochscéal na meá-scálaí don Seanadóir Trevor Ó Clochartaig agus é ag seoladh agus ag glacadh páirte i Slimathon ar son an naíonra. Pic: Seán Ó Mainnín |