NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Rith 2012 ar an Rua

 

Cuireann An Cheathrú Rua fáilte mhór roimh na sluaite a ghlac páirt san ollrith nuair a bhaineann siad an baile amach, iad traochta, mall ach ríméadach  

(Chomh maith leis na pictiúir thíos cuirfear na pictiúir ar fad ar ghailearaí ar an suíomh seo thar an deireadh seachtaine)

Bhain Rith 2012, ina raibh na mílte daoine ag rith 700 ciliméadar, tríd 74 baile agus 15 contae ar feadh 10 Lá, an Cheathrú Rua amach Dé Aoine 16, mall ach ríméadach. Thosaigh an Rith i mBaile Locha Riach maidin Dé hAoine sin agus chuaigh an ollrith ar aghaidh leis trí chathair na Gaillimhe agus ceantar Chonamara. Ar an lá dar gcionn, Lá Fhéile Pádraig, thug Rith 2012 aghaidh ar Inis Mór don lá deireanach, Lá 10, nuair a rith slua mór daoine an 23 ciliméadar deireanach. Is ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann é Rith 2012 a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Ghaelaigh a chur chun cinn i measc an phobail. Tosóidh Rith 2012 i nGaoth Dobhair ar an 8 Márta agus déanfar baitín sealaíochta a iompar agus a aistriú ó dhuine go duine, ó ghrúpa go grúpa, ó phobal go pobal ar feadh l0 lá gan stad.

Rinne grúpaí pobail, scoileanna, clubanna agus daoine aonaracha ciliméadar a cheannach chun páirt a ghlacadh in aon chuid den rith 700 ciliméadar. Tá tuilleadh eolais le fáil mar gheall ar a ar www.rith.ie.

 

 

 

Foilsithe: 18 Márta 2012