Abair le do chairde!!
Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód an mhí seo. Domhnach Cásca 1972 ag 3pm a tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair, le seachtar craoltóirí.
Ba de bharr brú a chuir feachtas Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar na húdaráis le bunú Saor Raidió Chonamara i 1970 a cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun. Ní bhíodh sé ar an aer ach ar feadh beagáinín os cionn dhá uair an chloig sa lá i dtús aimsire, agus é le cloisteáil sna ceantair Ghaeltachta amháin.
Diaidh ar ndiaidh, tháinig méadú ar na huaireanta craolta agus ar an réimse clár ar an stáisiún. Anois, bíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 uair sa lá, seacht lá na seachtaine, go náisiúnta agus ar fud ar domhain ar chóras satailíte agus ar an idirlíon.
Ar Dhomhnach Cásca, 8 Aibreán, beidh ócáid phobail ann ar an gCeathrú Rua i gConamara, le Togha agus Rogha á chraoladh beo ón Ródaí ag Óstán na Ceathrún Rua agus blaiseadh béil agus ceol san óstán ina dhiaidh sin. Fáilte roimh an bpobal.
Tháinig an dráma raidió Baile an Droichid ar ais ar an aer inné, an 1 Aibreán agus beidh 15 eagrán nua le cloisteáil as seo go samhradh.
Beidh coirmeacha ceoil éagsúla le cloisteáil chomh maith sna míonna seo romhainn mar chuid den cheiliúradh, agus tabharfaidh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn cuairt ar Chasla i mí na Bealtaine.