Abair le do chairde!!
Tá ceann de rátaí is airde sa tír den ailse boilg le fáil ar an gCeathrú Rua anseo i gConamara.
Tá an méid seo léirithe i dtuarascáil atá eisithe ag an gClárlann Náisiúnta Ailse agus tá fiosraithe déanta ag Comharchumann Mhic Dara ó foilsíodh an t-eolas.
Bhí an comharchumann i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse sláinte agus thug an Dochtúir Sláinte Poiblí le fios go bhfuil éileamh déanta aici go ndéanfaí athbhreithniú náisiúnta ar na rátaí ailse boilg go bhfaighfear amach cén fáth go bhfuil an ráta chomh hard ar an gCeathrú Rua.
Ní fios cén fáth go bhfuil ráta ard ar an gCeathrú Rua go háirithe nuair nach amhlaidh atá i gceantracha eile i gConamara. Tá sé tugtha le fios sa tuarascáil nach féidir aon mhíniú a thabhairt ar seo agus go mba cheart fiosraithe a dhéanamh faoi aon cheantar go mbeadh pátrún tíreolaíochta ann a bhaineann le rátaí arda ailse, go háirithe an ailse boilg, ailse putóige agus ailse craicinn. Deirtear sa tuarascáil freisin go mba cheart fiosrúchán a dhéanamh faoin ról atá ag an baictéar Helicobacter Pylori sna rátaí árda den ailse boilg atá sa tír.
Tá na mapaí a bhaineann leis an gCeathrú Rua ar fáil ag:
http://www.ncri.ie/atlas/Stomach%20cancer.pdf
Éist leis an agallamh a rinne Áine Uí Ghiollagáin ó Chomharchumann Mhic Dara ar Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta ag:
http://www.rte.ie/radio/radioplayer/rteradioweb.html#!rii=17%3A3249950%3A2130%3A%3A