Abair le do chairde!!
Beidh cruinniú eolais ar an ngrúpa SPARK (Single Parents Acting for the Rights of their Kids) ar siúl in Oifig Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua anocht, Déardaoin 12 Aibreán ag a 8 in.
Déanfaidh an grúpa cur i láthair faoin obair agus faoin bhfeachtas atá ar bun acu agus beidh Joe Ó Curraoin agus Trevor Ó Clochartaigh i láthair chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt dóibh sin a thiocfaidh ag an gcruinniú.
“Tá Páirtí an Lucht Oibre ag cur tuilleadh brú ar dhaoine atá cheana féin ar an ngannchuid. Ceapann siad nach bhfaighidh muid tacaíocht na ndaoine,” a deir máthair amháin, Bríd Ní Chualáin. “Tá ioncam na dtuismitheoirí aonair gearrtha 50%,” a dúirt sí
Is grúpa de thuismitheoirí aonair atá sa bhfeachtas SPARK a tháinig le chéile tar éis na cáinaisnéise is deireanaí. Beidh tuismitheoirí aonair Chonamara agus Árann ag an agóid taobh amuigh d’Ard-Fheis Pháirtí an Lucht Oibre ar an Satharn beag seo, 14 Aibreán, ag tosú ag Ardeaglais na Gaillimhe ag 1in