NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Bua ag an Rua sa chomórtas peile

 
Na foirne agus lucht bainistiochta agus tacaiochta na Ceathrún Rua go caithréimeach agus iad ag ceiliúradh a ndá bhua sna cluichí ceannais Dé Domhnaigh.

 

• Éiríonn leis na foirne sinsearacha agus sóisearacha fáil tríd go dtí craobh uile-Éireann de Chomórtas Peile na Gaeltachta 

( Is féidir na pictiuir ar fad a fheiceáil ar www.seanomainnin.com nó cliceáil http://gallery.me.com/mannions#102244 )

 
Cúis cheiliúrtha mhór do bhaile na Ceathrún Rua gur éirigh lena dhá fhoireann, sinsearach agus sóisearach, craobh na Gaillimhe de Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan ag an deireadh seachtaine (Meitheamh 5/6). Ba sa bhaile ar Pháirc an Chathánaigh a tionóladh an comórtas agus tháinig slua mór tacaíochta do na foirne ar fad a ghlac páirt ann, Oileán Árann, Leitir Móir, Bearna, Leitir Meallán, Maigh Cuilinn, rud a d'fhág gur ócáid bhreá ghlórach a bhí thart timpeall na himeartha.
 
Bhí cluichí crua géara ann - ach spórtúil agus ní mór an barna idir na céilí comhraic ag an deireadh do mhórmór na gcluicí. D'éirigh le peileadaóiri cáiliú do na cluichí ar an Satharn. Ar an lá mór é féin ar an Domhnach bhuaigh Maigh Cuilinn ar Naomh Anna 3-11 in aghaidh 2-8 sa rannóg faoi 16. Sa chluiche sóisearach is go dtí an nóiméad deiridh - le pointe ó chic saor gleoite gar don taobhlíne - a fuair An Cheathrú Rua an lámh in uachtar ar Oileán Árann. An scór 1-9 in aghaidh 1-8.
 
Sa chluiche ceannais sinsearach ní mór a bhí idir foireann an bhaile agus foireann Bearna go dti an dara leath. Is ansin a ghéill na cuairteoirí do neart agus síorionsaí an Rua agus cé go ndeachaigh a ndothain iarrachtaí ar strae ag tús an leatha tháinig feabhas ar an cruinneas agus deireadh leis an gcoimhlint i dtreo an deiridh dá réir. An scór ná An Cheathrú Rua 14, Bearna 08. 
 
Ciallaíonn sin deireadh seachtaine den scoth do mhuintir an bhaile agus a n-aird ar Ghaoth Dobhair ar dheiradh seachtaine bhanc saoire na Meithimh seo chugainn. Fógrófar socraithe taistil agus deiseanna lóistín ar an suíomh seo as seo amach.
 
Comhghaideachas ar fad do na himreoirí, don lucht bainistíochta agus don lucht tacaíochta ar fad a thug glór agus lá eile do Chumann Lúthchleas Gael na Ceathrún Rua. Ar aghaidh linn go Gaoth Dobhair!