NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Deontas €256,000 don Chomharchumann

 

“Cuirfidh an cuidiú seo ar chumas an Chomharchumainn an mhaoin seo atá díomhaoin faoi láthair a cheannach le go mbeidh sé ar fáil mar áis phobail agus mar chóiríocht coláiste Gaeilge”
 

- An tAire Stáit Mac Fhionnlaoich

 

Fad a bhí an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich ar an gCeathrú Rua d’fhógair sé go raibh deontas €256,000 ceadaithe aige do Chomharchumann Mhic Dara  le cumasú dóibh foirgneamh a cheannach le hathchóiriú mar halla pobail/cóiríocht coláiste Gaeilge agus cóiríocht oifige don Chomharchumann féin. “Cuirfidh an cuidiú seo ar chumas an Chomharchumainn an mhaoin seo atá díomhaoin faoi láthair a cheannach le go mbeidh sé ar fáil mar áis phobail agus mar chóiríocht coláiste Gaeilge” a dúirt an tAire Stáit.
Dúirt an tAire Stáit go raibh se fíor-thábhachtach go mbeadh tacaíocht den chineál seo ar fáil faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge le go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le próiseas pleanála teanga a chur chinn. “Is infrastruchtúr Gaeilge atá i gceist anseo” a dúirt sé “a bheidh mar thacaíocht don Chomharchumann - i gcomhar le pobal na Ceathrú Rua - a bheith lárnach i dtreisiú na Gaeilge mar theanga pobail”.

Foilsithe: 24 Lúnasa 2012