NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Cúrsa ag Comhaltas

 

Lucht Comhaltais, baill d'Údarás na Gaeltachta agus eagraíochta áitiúla a d'fhreastal ar oscailt oifigiúil ar chúrsa náisiúnta ceannaireachta d’oifigí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá na baill óga a chláraigh don chúrsa ina suí chun tosaigh.
 
Pictiúir: Seán Ó Mainnín

 

“Tá áthas orm a bheith anseo ar an gCeathrú Rua i lár na Gaeltachta leis na daoine óga seo a bheidh ina gceannairí don Chomhaltas sa todhchaí”

Agus é ag caint ag an oscailt oifigiúil ar chúrsa náisiúnta ceannaireachta d’oifigí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa Cheathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D.  go raibh cúrsaí oideachais ag croílár an Chomhaltais ón tús agus go raibh tuiscint fadradharcach ag bunaitheoirí an Chomhaltais ar an tábhacht a bhain leis an Aos Óg i láidriú na gluaiseachta agus ar fhorbairt an Chultúir Ghaelaigh.

“Tá áthas orm a bheith anseo ar an gCeathrú Rua i lár na Gaeltachta leis na daoine óga seo a bheidh ina gceannairí don Chomhaltas sa todhchaí” a dúirt an tAire Stáit.  Bliain ar leith í an bhliain seo i saol an Chomhaltais mar cuireadh béim speisialta ar an nGaeilge i gcaitheamh na bliana. “D’éirigh libh feasacht a spreagadh agus stádas a thabhairt don teanga agus déanaim comhghairdeas libh anois agus an cúrsa seo a eagrú go hiomlán trí Ghaeilge” a dúirt an tAire Stáit.

Suas le 30 baill óga den Chomhaltas atá cláraithe le freastal ar an gcúrsa seo, iadsan atá mar oifigí agus baill gníomhach sa Chomhaltas ar fud na tire. Is í Máirín De Brún, iníon Shéamuis De Brún a bhí mar Uachtarán ar an gComhaltas atá mar áisitheoir ar an chúrsa.  Bhí Máirín ina Stiúrthóir ar Ghaeleagras go dtí le déanaí.

“D’éirigh libh feasacht a spreagadh agus stádas a thabhairt don teanga agus déanaim comhghairdeas libh anois agus an cúrsa seo a eagrú go hiomlán trí Ghaeilge”

“D’éirigh libh feasacht a spreagadh agus stádas a thabhairt don teanga agus déanaim comhghairdeas libh anois agus an cúrsa seo a eagrú go hiomlán trí Ghaeilge”

 

Cuireann an Comhaltas fáilte Uí Cheallaigh ar an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich chuig Óstán na Ceathrún Rua  
Cuireann Máirín de Brún daltaí an chúrsa nua in aithne don Aire
 
Cuid de na 30 baill óga den Chomhaltas atá cláraithe le freastal ar an gcúrsa seo: ó chlé: Nollaig Ní Laoire, Rath Cairn, Co na Mí; Enda Ó Saoraí, Co na hIarmhí; Sinéad Ní Éalaí, Caisleán an Bharraig, Caitríona de Brún, Tiobrad Árann agus Dara Ó hÉalaí, Caisleán an Bharraigh.

Foilsithe: 24 Lúnasa 2012