Abair le do chairde!!
Jennifer Laverty, Geraldine Plunkett agus Melissa Nolan sa dráma Samuel Beckett "Teacht agus Imeacht" (Come and Go) i Leabharlann na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe. |
|
Bhí an Leabharlann lán go béal dorais ag cur suim i saothar an mhórscríbhneora a thuill clú domhanda as gontacht na bhfocal |
Léiríodh dráma Samuel Beckett "Teacht agus Imeacht" (Come and Go) i Leabharlann na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe an 20 Iúil seo caite. Bhí an Leabharlann lán go béal dorais ag cur suim i saothar an mhórscríbhneora a thuill clú domhanda as gontacht na bhfocal. D'aistrigh Gabriel Rosenstock an dráma agus b'iad "Mouth on Fire" in éineacht le Axis Theatre Company a rinne an léiriú. Bronnadh ceanndealbh Beckett le John Coll ar an leabharlann thar ceann Agnes Toohey. Ta sé le feiceáil ann i gcónaí agus is fiú cuairt a thabhairt le súil a chaithemah air.