NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Osclaíonn Aire Joan Burton oifig nua MABS

 

An tAire Joan Burton le Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Comharchumann Mhic Dara, ar chlé, Caitríona Ní Charra, Mabs Chonamara agus Tomás Mac Con Iomaire ar dheis le linn cuairt an Aire.

'Chuala an slua mór a bhí i láthair moladh an Aire do shíneadh fhreastail Mabs amach go Conamara, ó Bhearna go dtí an Clochán agus níos faide'

 

D'oscail an tAire Coimirce Shóisialaí, Joan Burton TD fo-oifig Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) Gaillimh Theas ar an gCeathrú Rua i gConamara go oifigiúl an Aoine 28ú seo thart. 

Cuireadh fáilte mhór fhlaithiúil roimh an Aire agus ba iad Ann Fergus, Cathaoirleach Mabs Gaillimh Theas agus Tony McQuinn, PF, Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh a thug na céad beannachtaí di. 

Chuala an slua mór a bhí i láthair moladh an Aire do shíneadh fhreastail Mabs amach go Conamara, ó Bhearna go dtí an Clochán agus níos faide. Mhol sí chomh maith an seirbhis a bheith dátheangach. I gcomhluadar teachtaí Derek Nolan, Seán Ó Cadhain agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus ionadaiteh ó shaol gnó, Stáit agus pobal na háite ghearr an tAire an ribín.

Tá MABS, Fo-oifig Chonamara dátheangach agus lánaimsearthach, ag déileáil le Conamara in iomlán, thuaidh and theas.  Tá an seirbhís ar fáil do dhaoine aonair nó teaghlaigh atá i bponc nó buartha faoi cursaí airgead pearsannta, fiacha, riaraisí cíos nó morgáiste, nó bainistíocht airgid. Tá an seirbhís saor in aisce agus faoi rún, agus tá se ann chun: 

• cabhair agus/nó tacaíocht a thabhairt do dhaoine ag déileáil le fiacha
• buiséad a dhéanamh amach
• ioncam a scrúdú
• plé a dheanamh ar theidlíochtaí
• teagmháil a dhéanamh le creidiúnaithe más gá
• agus an bealach is fearr aisíocaíochtaí a dhéanamh amach mas féidir 

Tá an oifig oscailte ó 9.30 to dtí 5.30 Luan go hAoine.  Is féidir coinne a dheanamh ar 0761 07 2820 nó Connemara@mabs.ie

Tá line chabhrach ar fáil Luan go hAoine ó 9.00 a.m. go 8.00 i.n. ar 0761 07 2000, agus suiomh idirlín ar www.mabs.ie 


Tá an Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid maoinithe agus tacaithe ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh


Tuilleadh eolais:
Marie McLernon
Comhordaitheoir
087 7773399

 

Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2012