Abair le do chairde!!
Craolfar an chéad chlár sa tsraith 'Turas Húicéara' ar TG4 ar an Déardaoin 17 Eanáir 2013 ag 9.30i.n. Is é Donncha Mac Con Iomaire as an gCeathrú Rua léiritheoir na sraithe.
Tugann triúr bádóir ó Chonamara aghaidh ar fharraigí móra sean Ríocht na nGael timpeall Éirinn, Oileán Mhanann, agus Albain ag seoladh 3,000 míle ar thóir a gcultúr, oidhreacht agus stair féin. Fágann Donncha, Cillín, agus Tomás an baile sa bhfiosrú ar céard a mhaireann dá gcine dúchais ar chladaigh fiáine na hAtlantaigh, iad ag bualadh le saineolaithe agus leis an bpobal áitiúil ar bord an bád seoil is Gaelaí dhá bhfuil ann, an Naomh Bairbre, Húicéara na Gaillimhe. Le tionlacann radharcanna agus ceol ghleoite, tugann ‘Turas Húicéara’ eachtraíocht agus stair chugat le blas an tsáile.
Beidh seoladh oifigiúil 'Turas Húicéara' sa gCistin (Tigh Sé) ar an gCeathrú Rua ar an Aoine, 11ú Eanáir ag 9.00i.n. Déanfaidh Ceannaire TG4, Pól Ó Gallachóir an seoladh le linn na hócáide agus beidh an tAncaire, John Beag Ó Flatharta, ag ceol théis ceann de na cláracha a thaispeáint. Tá fáilte mhór roimh chuile dhuine.
Turas Húicéara le DMCI ar Vimeo.
Déardaoin 17 Eanáir 2013 ag 21.30, athchraoladh ar an Aoine ag 23.10
Déardaoin 24 Eanáir 2013 ag 21.30, athchraoladh ar an Aoine ag 23.10
Déardaoin 31 Eanáir 2013 ag 21.30, athchraoladh ar an Aoine ag 23.10
Déardaoin 07 Feabhra 2013 ag 21.30, athchraoladh ar an Aoine ag 23.10
Déardaoin 02 Feabhra 2013 ag 21.30, athchraoladh ar an Aoine ag 23.10
Déardaoin 14 Feabhra 2013 ag 21.30, athchraoladh ar an Aoine ag 23.10
Foilsithe: 10 Eanáir 2013