Abair le do chairde!!
AN CHEATHRÚ RUA ABÚ! Bail Choiste Ghlór na nGael an Cheathrú Rua agus cruthúnas na hoibre léirithe go sonrach acu -Seán Ó Domhnaill, Mairtin Breathnach, Trevor Ó Clochartaigh, Colm Mac Donnacha, Tomás Mac Con Iomaire, Kevin Ó Flatharta agus Eamon Ó Domhnaill.
Bhain Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua Príomhdhuais Trófaí Náisiúnta Ghlór na nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge, agus €20,000 urraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta I gComórtas 2013 Ghlór na nGael.
Bronnadh níos mó ná €120,000 ag ócáid bhliantúil Bronnadh Duaiseana Ghlór na nGael i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Chruinnigh 350 ó gach cearn den tír don oíche chéiliúrtha Gaelach agus i measc na n-aíonna bhí Gaeil ó Nua Eabhrac agus Ceanada, mic léinn ó Ollscoileanna thuaidh agus theas, agus ar ndóigh ionadaithe na gcoistí áitiúla.
Craoladh an ócáid beo ar an idirlín don chéad uair, rud a lig do dhaoine ‘freastal’ ar an imeacht óna mbailte féin.
B’é an tAire Gaeltachta Donncha Mag Fhionnhaile a bhronn na nduaiseanna, agus bhí urra ó go leor eagrais i láthair, Foras na Gaeilge ina measc.
Bhain Comharchumann Mhic Dara an Dara hÁit amach sa gCómortás 2014/2015 agus duais €4000 ag an mbrónadh ar an 25ú Aibréan.