Abair le do chairde!!
An tAthair de Bláca le páisti a rinne a gCéad Chomaoineach i Séipéal Mhic Dara cúpla seachtain ó shin. In aice leis an Athair de Bláca tá an múinteoir Máírtín Breathnach |
'Tá aithne ag chuile dhuine ar an Athair Ciarán agus é ag comhlíonadh a dhualgaisí eaglasta agus pobail. Ní leasc dó riamh teacht i gcabhair ar aon duine ag tabhairt comhairle nó tacaíochta dóibh. ' |
Tuilleadh pictiúr ó Chomaoineach na Ceathrún Rua le feiceáil anseo (is féidir an pasfhocal a lorg anseo) |
Beidh paróiste an Chillín, Gharumna agus Leitir Mealláin ag ceiliúradh 25 bliain Ciarán de Bláca mar shagairt - 12 Meitheamh 1988 - 12 Meitheamh 2013
Ar ndóigh tá aithne ag chuile dhuine ar an Athair Ciarán agus é ag comhlíonadh a dhualgaisí eaglasta agus pobail. Ní leasc dó riamh teacht i gcabhair ar aon duine ag tabhairt comhairle nó tacaíochta dóibh. Feictear é anseo ag tabhairt misneach do na páisti óga a rinne a gCéad Chomaoineach ar an gCeathrú Rua le déanaí. An Aoine seo thart (31 Bealtaine) bhí sé ag ceiliúradh athosocailt Scoil Rónáin na Trá Báine in éindigh leis an Easpag Micheál Ó Nearaí agus sagairt eile. An tréith is mó a théann i gcionn ar dhaoine ná a chineáltas agus a shéimhe, bíodh sé sa pharóiste seo nó roimhe ar Inis Mór. Tá cúig bhliain is scór curtha de anois mar shagart agus is deis dúinn aitheantas a thabhairt dá fhreastal diaganta ar son a phobail.Beidh Aifreann i Séipéal Mhic Dara 12 Meitheamh @ 7.30 i.n. Soláistí agus Ceol le 'Cillín' in Óstán an Dóilín tar éis an Aifrinn. Ticéad €10.00 Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le oifig an tsagairt ag 091 595452 idir 10.00 am agus 1.30 i.n Luan go hAoine |