Abair le do chairde!!
Is é an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnacha Mac Fhionnlaioch T.D., a d’oscail an Crompán, Ionad Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, go hoifigiúil Dé hAoine, an 22 Samhain. Bhí céad go leith duine i láthair ag an ócáid agus i measc na n-aíonna speisialta a bhí i láthair bhí ionadaithe tofa, ionadaithe ó na meáin agus oifigigh Údarás na Gaeltachta agus na Roinne.
Chuir Rúnaí an Chomharchumainn, Colm Mac Donncha, fáilte roimh an slua a bhí i láthair agus bhí lúcháir ar an gCoiste go raibh an oiread sin de mhuintir an bhaile i láthair chun a dtacaíocht a léiriú don ócáid. Thug Cathaoirleach an Chomharchumainn, Tomás Mac Con Iomaire, an chéad óráid agus ansin labhair Stiofán Ó Cualáin thar ceann an Údaráis, sula ndúirt an tAire Stáit cúpla focal sular oscail sé an Crompán go hoifigiúil. Bheannaigh an tAthair Ciarán de Bláca ansin an tIonad.
Níor thosaigh an obair ar an tseanmhonarcha ach i mí an Mhárta na bliana seo agus bhí coláiste samhraidh istigh san Ionad faoi mhí an Mheithimh. Chosain an togra timpeall €850,000 san iomlán idir an áit a cheannach agus a athchóiriú. Tá borradh nua faoin Eastát Tionsclaíochta ina bhfuil an Crompán lonnaithe ar an gCeathrú Rua le hIonad Cúram Leanaí oscailte go hoifigiúil ag an Aire Stáit Donnacha Mac Fhionnlaioch an t-am seo anuraidh agus cuideachtaí príobháideacha nua oscailte ann le gairid chomh maith.
Tá an-éileamh ar an Ionad as gá an t-achar ó osclaíodh é agus grúpaí áitiúla cosúil leis an gClub Badmantain agus CLG An Cheathrú Rua ag baint úsáid rialta as an halla spóirt. Tá oifig ag MABS agus ag an Scéim Fostaíochta Pobail san Ionad agus is ann atá ceanncheathrú an Chomharchumainn lonnaithe chomh maith. Tá an halla spóirt feiliúnach do spórt faoi dhíon mar aon le grúpaí ollmhóra a thabhairt le chéile. Tá 8 seomra ranga ar fáil ar cíos rialta nó aonuaire sa gCrompán. Tá Unislim, Damhsa Gaelach, Ranganna Ealaíne, Ióga agus go leor eile ar siúl go tráthrialta san Ionad.
Beidh Margadh na Nollag ar siúl san Ionad an 14 Nollaig agus tá sé beartaithe ag Daidí na Nollag cuairt a thabhairt ar an Ionad ar an lá. Más mian le héinne bord a chur in áirithe ag an Margadh nó seomra nó an halla a chur in áirithe is féidir teagmháil a dhéanamh le Bainisteoir Forbartha an Chomharchumainn, Seán Ó Domhnaill, ar 091 869750.
Foilsithe: 26 Samhain 2013.