Abair le do chairde!!
Ceann de na heachtraí is cáiliúla i stair an cheantair ná Cath na Ceathrún Rua, a tharla i mí Eanáir 1880. Tharla an scliúchas mar chuid den ghluaiseacht náisiúnta a bhí ar bun in aghaidh na dtiarnaí talún aimsir Chogadh na Talún. Ní ligeadh d’oifigeach dlí próis a leagan ag tithe de chuid an Tiarna Talún Kirwan. Sheas na daoine le chéile agus throid siad na póilíos, le cabhair ó dhaoine a tháinig as Cois Fharraige, Ceantar na nOileán, Ros Muc, Oileáin Árann agus Dúiche Sheoigeach. Bhí an-tionchar ag an scéal seo go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Thug Michael Davitt (ar dheis anseo) cuairt ar an áit ina dhiaidh sin agus rinne sé cur síos ar an eachtra sa leabhar The Fall of Feudalism in Ireland.
Thug Ruaidhrí Mac Easmuinn (pictiúr thíos) cuairt ar an dúiche i mí Mheithimh 1913. Bhí an-mheas aige ar Ghaeilge agus an-trua aige do na daoine nuair a chonaic sé cé chomh bocht agus a bhí siad, go mór mór na gasúir scoile. Gheall sé go dtiocfadh sé i gcabhair orthu, agus rinne sé sin. Tá sé i gcaint na ndaoine gur chuir sé plúr agus flainín isteach go Caladh Thaidhg. Cuireann Angus Mitchell síos ar an mbéile sa lá a chuir sé ar fáil do ghasúir na bunscoile ar feadh bliana in Irish Economic and Social History. Bhí coinníollacha ag dul leis na béilí seo:
There shall be grace in Irish before and a song after the meal, and that, as far as possible, the children shall have their native language employed in the general conduct of the business of the school
Scríobh Jane Tubridy,* an múinteoir, chuige i mí na Nollag 1913 agus í ag rá leis go raibh na gasúir ag baint tairbhe as an bhféasta a bhí curtha ar fáil aige. Seo thíos mar a chuir Peadar Neilí Ó Domhnaill síos ar chuairt Casement ar an scoil ina leabhar Seod-Aistí as Conamara:
Fear breá ard tanaí a b’ea é faoina chóta mór bréidín bán agus féasóg dhubh. Bhí mise sa tríú rang ag an múinteoir lách Pádraic Ó Tiobraide,* go ndéana Dia trócaire air. D’fhiafraigh an cuairteoir dhíom cén t-ainm a bhí orm agus d’inis mé dhó i mBéarla, agus ní raibh focal eile Béarla ag aon ghasúr san am sin ach a n-ainm.
I litir a scríobh sé chuig a chara, Emmeline Cadbury, ó phríosún Pentonville i 1916 go gairid sular daoradh chun báis é, dúirt Casement (agus é ag déanamh tagairt do Banna Strand):
Emmeline, if only they had landed me at Carraroe, things might have gone differently! They were waiting for me at Carraroe – armed men who have protected me and hidden me. But the Germans chose instead to land me on an open beach at Tralee.
*Seo iad Muintir Uí Thiobraide a bhfuil gaol acu leis an gcraoltóir, Ryan Tubridy