Abair le do chairde!!
Cloch an tSeoil – ar Chnoc an Phobail atá na clocha seo. Is ‘Clocha Ceoil’ an t-ainm ceart atá orthu ach gur ‘Clocha tSeoil’ a deirtear. Bhíodh macalla ag teacht uathu agus chreid na daoine go mbíodh sióga ag ceol in aice leo
Cloch na bhFaochan – in aice Bhóithrín an tSagairt ar Bhóthar an Chillín. Bhíodh daoine ag díol agus ag ithe faochan anseo in aimsir an drochshaoil. Ba é lárphointe na Ceathrún Rua é de réir an bhéaloidis
Cloch na Scíthe – in aice Bhóithrín na gCorp, áit a dtógadh daoine scíthe agus iad ag iompar na gcorp go dtí an reilig. Bhíodh coirp á n-iompar chomh fada ó bhaile leis an Tuairín tráth. Tá Clocha na Scíthe anseo agus ansiúd i nDoire Fheárta freisin.
Cloch na Toirní, ag barr Bhóthar Dhoire Fhearta/An Tuairín – deirtear gur bhuail lasair thoirní fear a bhí ar foscadh anseo Lá ‘le Mártan, agus gur scoilteadh an chloch ina dhá leath
Aill an Aifrinn – in aice Leanna Fíon. Aill nó cloch a úsáideadh d’Aifreann nuair nach raibh cead Aifreann a léamh
Poll Randarraí – Áit a dtógtaí gaineamh as le haghaidh na mbóithre le linn obair Bhord na gCeantar Cúng. Randarraí ainm an fhir a bhí os cionn na hoibre
Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, Eileen Nic Dhonncha