NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Abair le do chairde!!

 

 

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Logainmeacha: Bóithre

An Bóthar Géar – an seanainm a bhí ar Bhóthar an Dóilín.  Bhíodh go leor cloch le goib ghéara ar an mbóthar

 

Bóthar an Choirnéil Máirtín – seanbhóthar a bhí idir an Fhaithche, áit a raibh an teach mór ag Máirtín, agus Uachtar Ard sa naoú haois déag.  Thóg sé cúig bhliana an bóthar, a déanadh as an gcriathrach,  a dhéanamh, agus ba iad na tionóntaí a bhí ag déanamh na hoibre.  Bhí an bóthar sách maith do charr agus capall

Bóithrín an Bhealaigh Mhóir – sa nGleann Mór, agus tá sé ag dul siar go dtí an áit ina mbíodh lorg Bhóthar an Choirnéil Máirtín.  B’fhéidir gurb é sin an fáth ar tugadh an t-ainm sin air

Bóithrín Bheairtlín – idir Doire Fhearta Beag agus an Sruthán.  Bhíodh fear darbh ainm Beairtlín ina chónaí ag ceann an bhóithrín

Bóithrín na nAsal – ag dul ó Dhoire Fheárta go dtí an cladach, go Céibh Chaislín.  Bhíodh asail ag tarraingt móna siar chuig an gcladach le cur ar bháid a bhí ag dul go Co. an Chláir agus Árainn

Bóthar Lang – an seanainm a bhí ar Bhóthar an Tuairín.  Lang an t-ainm a bhí ar an bhfear a bhí os cionn na hoibre

An Bóthar Géar – an seanainm a bhí ar Bhóthar an Dóilín.  Bhíodh go leor cloch le goib ghéara ar an mbóthar

Bóithrín na gCorp – bóithrín a dtugtaí na coirp síos go Reilig Bharr an Doire

 

Foinsí:

Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, Eileen Nic Dhonncha